School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 119
- XML “Arán Mhin Choirce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí arán eile ann fosda le cois arán preataí agus bocstaí. Arán mhin coirce a dtugtar air. Ba ghnáthach leis na seandaoine é a dhéanamh go minic sa. t-shean aimsir. Tá sé an mhaith le h-ithe. Chualaidh mé cuid de na seandaoine ag cainnt go raibh arán mhin coirce an mhaith ag na fiacla. Ní dheanntar é anois acht anois agus arís. Chonnaic mé na seandaoine ghá dhéanamh.
Fuair siad mhin coirce agus chuir siad uirge te air agus mheasc siad an t-uisge fríd é go raibh an mhin coirce fliuch. Annsin rinne siad bunóg mhór thanaidh de ar an tábla nó áit ar bith mar sin. Annsin thóg siad é ó’n tábla le na lámha agus chuir siad é ar an roistín ag cois na teineadh. Ní raibh an roistin ‘na luighe ar an teine acht bhí sé ‘na sheasamh ag cois na teineadh agus an t-arán ‘na sheasamh suas leis. Nuair a bhí taobh amháin de déanta thionntuigh siad é agus chuir siad ar an roistín arais é. Annsin nuair a bhí an taobh eile déanta thóg siad é. Bíonn sé an chruaidh nuair a bhíonn sé déanta agus bíonn sé an deas.
Bhí arán eile ann fosda agus arán mhin bhuidhe an t-ainm a bhí air. Ba ghnáthach leis na(continues on next page)- Collector
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Largymore, Co. Donegal