School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 140
- XML “Scéal Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Beag
“Ins an t-sean am bhí gearradh le díol ag na daoine go direach mar atá anois. Theigheadh fear na geartha thart uair amháin sa bhliadhain ó theach go teach ag tógail an ghearraidh.”
Ins an t-sean am bhí gearradh le díol ag na daoine go direach mar atá anois. theigheadh fear an geartha thart uair amháin sa bhliadhain ó theach go teach ag tógailan ghearraidh. Cuid de na daoine nach mbeadh airgead acha béarfadh siad giota báinín tíre do i n ionad airgead. Bhí bean istuigh in ghleann agus bhí muirinn mór aice. Ní rabh airgead ar bith aice le eadaígh a ceannacht do na bpáistí gréasán a rinn sí fa coinne an chios a dhíol bí aice le eadaigh a dheánamh do na b páistí de. Nuair a tháinig an tighearna ní rabh ins an teach acht í féin agus na páistí agus diarr sé an rabh gréasán aice. Dubhairt sí nach rabh go rabh aice le h-eadaígh a dheánamh do na páistí de.
Bheir sé uirthí agus thug leis í go dtug sé fad le ált fairrge í atá istigh a ghlean agus sé an t-ainm atá ar an áit Comos Binn.
Nuair a bhí na páistí ag fás suas na dhiaidh sin dinnsigh a n-athair daobhtha caidén bás a fuair a máthair. Nuair a bhí siad na mbuachaillí bí siad ag cur tuirisc cá rabh an tighearna seo na comhnuidhe. Dimthigh siad leobhtha na d triúr acha lá amháin agus bhí siad ag theacht ar theach an tighearna giota ón teach h-innseadh do go rabh triúr buachaillí ag tarraingt ar an teach agus siubhail(continues on next page)- Collector
- Seághan Mac Aodha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Padraig Mac Aodh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal