School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 218
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d'iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Lá amháin d’iarr an t-athair ar a mhac dornan caorach a bhí aige a thabhairt un aonaigh agus a dhíol Cé mhéid ortha arsan mhac Tá arsan t-athair bíodh na caoirigh agus a luach na bhaile leat D’imthigh sé leis agus é ag meabhrughadh caide’n dóig a dtiocfadh leis sin a dheanamh Bhí sé ag siubhail ar an bhealach mhór go craidhte nuaire a casadh do cailín óg.
Caide’n fáth a bhfuil tú chomh cráidhte indiu ar sise Tá ar seisean d’iarr m’athair orm na caoirigh seo a d’íol agus na caoirigh agus a luach a bheith na bhaile liom.
Is deacair sin a dheanamh ar sise. D’imthigh sí agus tamall na dhiaidh sin tháinig sí agus deimheas leithí do lom sí na caoirigh thug luach na h-olna don bhuachaill agus dimthigh sé abhaile leis na caoirigh agus luath na h-olna Bhí an athas ar an t-seanduine annsin agus diarr sé uirthí theacht Seo an dóig a d’iarr sé i, Gan í a bheith in éinfeacht agus gan duine ar bith a bheith leithí gan í a theacht ar an ród no trasna na páirce.
Thug sise an madadh léithí agus annsin ní rabh sí in éinfeacht agus ní rabh duine ar bith léithí.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal