School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 268
- XML “Scéal fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sceul fá'n DiabhalBhí fear istoigh i nGleann fad ó shoin agus bhí muirighin mhór aige. Bhí an fear seo i dtólamh ag deánadh poitín le n-a mhuirighin a thógailt
Oidhche amháin thainig fear bocht isteach ag iarraidh lóistín. Dubhairt fear a' toighe leis, "Caidé dóigh faoi'n Rígh a dtiocfadh liom-sa tú a choinneáil agus mé ag deánadh poitín. "Bal"; arsa an fear bocht a thainig isteach, "má choinnigheann tú mise b'féidir gurab é is feárrde duit" "Maith go leor", arsa fear a' toighe "coinneochaidh mé thú"
Lá thar na bhárach bhí an fear ag gabhail do'n phoitín agus caidé a tcídh sé ag tarraingt ar an teach acht ceithre gárdaí., "Ó tá mé réidh indiú cinnte", arsa seisean. "Caidé tá ort?" arsa an fear bocht a thainig isteach", "Tá", arsa fear a' toighe, "tá ceithre gárdaí ag teacht agus an téitean agam-sa annseo." Tharaidh siad", arsa an fear bocht. "An bhfuil fhios agat caidé a dheánfaidh tú? Gabhaigidh uilig suas 'un t-seomra agus fanochaidh mise annseo. Ná labhairigidh focal go n-imthighidh na gárdaí". Chuaidh siad suas 'un t-seomra agus thainig na gárdaí isteach. Chuir fear amháin aca a cheann isteach ar an doras agus phill sé amach arais. D'iarr sé ar an triúr eile pilleadh, nach rabh dadaidh le(continues on next page)- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal