Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Scéal fán Diabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sceul fá'n Diabhal
    Bhí fear istoigh i nGleann fad ó shoin agus bhí muirighin mhór aige. Bhí an fear seo i dtólamh ag deánadh poitín le n-a mhuirighin a thógailt
    Oidhche amháin thainig fear bocht isteach ag iarraidh lóistín. Dubhairt fear a' toighe leis, "Caidé dóigh faoi'n Rígh a dtiocfadh liom-sa tú a choinneáil agus mé ag deánadh poitín. "Bal"; arsa an fear bocht a thainig isteach, "má choinnigheann tú mise b'féidir gurab é is feárrde duit" "Maith go leor", arsa fear a' toighe "coinneochaidh mé thú"
    Lá thar na bhárach bhí an fear ag gabhail do'n phoitín agus caidé a tcídh sé ag tarraingt ar an teach acht ceithre gárdaí., "Ó tá mé réidh indiú cinnte", arsa seisean. "Caidé tá ort?" arsa an fear bocht a thainig isteach", "Tá", arsa fear a' toighe, "tá ceithre gárdaí ag teacht agus an téitean agam-sa annseo." Tharaidh siad", arsa an fear bocht. "An bhfuil fhios agat caidé a dheánfaidh tú? Gabhaigidh uilig suas 'un t-seomra agus fanochaidh mise annseo. Ná labhairigidh focal go n-imthighidh na gárdaí". Chuaidh siad suas 'un t-seomra agus thainig na gárdaí isteach. Chuir fear amháin aca a cheann isteach ar an doras agus phill sé amach arais. D'iarr sé ar an triúr eile pilleadh, nach rabh dadaidh le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall