School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 269
  3. XML “Scéal fán Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fághail aca sa teach sin, nach rabh ann acht bó, bearach agus gamhain.
    Nuair d'imthigh na gárdaí d'iarr an fear bocht ar an bhunadh a bhí thuas sa t-seomra a theacht anuas, gur imthigh na gárdaí. Nuair a thainig siad anuas chonnaic siad comh salach is bhí an teach. Bhí bó, bearach agus gamhain istoigh sa chistineach. "Ó caidé seo ar chor ar bith," arsa fear a' toighe, "an tusa a rinne seo?" - "Is mé," arsa an fear bocht. "Gabh amach bomaite agus tcídhfidh tú an t-athrughadh ar theacht isteach duit". Chuaidh fear a' toighe amach agus nuair a thainig sé isteach bhí an teach comh glan is bhí sé ariamh". "Dá mbéadh na pisreógaí sin agam," arsa fear a' toighe leis an fhear bhocht "bhéinn saidhbhir anois, nó dheánfainn sin a i n-uile lá a thiocfadh na gárdaí. Caithfidh tú a fhoghluim damh-sa. "Maith go leor, arsa an fear bocht, "bidh réidh i mbárach agus foghluimeochaidh mé na pisreógaí sin duit."
    Ag dul ó sholus de trathnóna lá thar na bhárach nuair a bhí an téiteán poitín deánta aca agus é i bhfolach go maith faoi'n talamh ghléas an bheirt ortha, thug leo dhá bhata agus d'imthigh. Shiubhail siad leobhtha fríd na cnuic agus fá dheireadh chonnaic siad an teine ag tarraingt ortha ar mhullach an chnuic. "Ó amharc an teine", arsa fear a' toighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    71
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal