School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 270
  3. XML “Scéal fán Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ná bidh ag deánadh iongantais de sin, arsa an fear bocht, "Caithfidh muid siubhal fríd an teine sin". Tharraing an teine ortha, shiubhal siad fríd an teine agus ní dheárnadh dadaidh ortha. Shín leobhtha go dtainig siad go bárr an chnuic agus thíos faoi'n chnoc bhí loch mhór "Caidé dóigh a bhfuigh muid trasna na locha" arsa an fear leis an fhear bhocht "Caithfidh muid siubhal no snámh trasna," arsa an fear bocht. Thainig siad go bruach na locha agus shnámh siad trasna. D'imthigh leobhtha arais agus le sin mhothuigh siad búirtheach milltineach i bhfad ar siubhal. Ní rabh i bhfad go bhfacaidh siad an tarbh mire ag tarraingt ortha. "An é sin an diabhal?" arsa fear a' toighe leis an fhear bhocht. "Is é" arsa an fear bocht, "caithfidh tusa a ghábhail a mharcuidheacht ar a dhruim agus greim maith a choinneail ar a adharcaí. "Ó, pill abhaile arsa fear a' toighe "B'feárr liom Éire a a [!] shiubhal ar mo dhá ghlúin ná a ghabhail a mharcaidheacht air. Ní dheánfaidh mé aon dear poitín achoidhche airíst"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    71
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal