Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 93

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 93

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 93
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar beannuithe amuigh ar oilean Rachlann Ua Beirne - trí mhile amach ón bhaile seo - Mhálainnbheag. Tá turas ag baint leis fosta. Naomh Aodh Mhic Bricne atá ainmnigh leis. Deir an sean bhunadh gur théith an Naomh seo ó Cill Manntan. Rinne sé coir éigin 'san Mhainnstear agus cuireadh an ruaig air. Thainig sé go dtí oilean Rachlanna Uí Beirn le 'na pionnús a chuir isteach. Tá turus annsin a rinne sé agus téidheann daoine isteach 'un oileain a shiúbhal an turais. Tá dochas mór ag daoine na h-aite in uisge an tobair seo. Bheireann siad amach an t-uisce agus ólann daoine tinne é. Tá leac ag an turas a bhfuil poll ann. Congbhuigheann an poll seo uisce agus tugann siad "uisce súil" air. Leigheasann sé súla nimhneach.
    Deirtear gur fhan an Naomh seal bliadhnta ar an oilean, agus nuair a bhí sé dá fhagail go rabh cúmhaidh air nó an bealach a chuaidh sé amach an cnoc tá áit annsina bheirtear "An Glaic" air agus nuair a bhí sé ag cailleadh amharc an oileáin tionntuigh sé thart leis an amharc deirinneach a fhághail air agus thuit na deóra le na suilibh. Bhris tobar amach 'san áit ar thuit na deóra, agus Samhradh nó Geimhreadh níor thirmuigh an tobar ariamh. Níl an tobar acht fad agus leathad dhá bhróig. Chuaidh an Naomh giota eile agus sroich se Sliabh a Liag. Tá tobar beannuithe eile annsin, agus bheirtear Turas Aoidh Mhic Bricne ar an turas atá ann. Siúbhalann daoine an turas seo fosta agus dochas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Donegal