Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 94

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 94

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 94
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mór aca i n'uisce an tobair. Níl sé ráidthe gur chaith sé tamall ar bith annsin. Bhí sé ar a bhealach a bhaile san am. Tá scéal beag ag baint leis an turas ar an oilean seo agus tharlaidh sé taobh istigh de thrí scór bliadan. Tá sé mar a leanas:-
    Bhí fear soluis Gallda ar an oilean 'san am, agus níor chreid sé i mbrigh an turais beannuithe seo. Bhí an fear gallda seo lá amhain ag obair fan turas agus fear Gaedhealach as Málainnbeag dar b'ainm Paidí John Mhóir ag cuidiú leis. Chuaid siad a thochailt cloch thart fan turas agus dubairt Paidí nar cheart dó baint leis na clochaibh. Ní éisteochadh sé leis. Nuair a bhí siad tamall ag obair thóg Paidí a cheann agus ar sé. " Teidhim bád "Briney" ag tarraingt ar an oilean " ( Bá í Briney an fear a tigead 'un oilean le biadh amsoir le fir soluis) nó mar deir bunadh an bhaile - "Bhí sé ag rachaid an phosta"Níorbh é seo "lá an bháid" agus saoil an "Fear Soluis" go rabh rud éigin contrailte nuair a bhí an bád ag teacht gan gnaithe. D'fág sé a chuid oibre agus chuaid 'un aireacais an bháid gus Paidí leis, acht ní rabh bád ar bith le feiceal nuair a chuaid siad go dtín (?) "scolp".
    Thainig siad arais agus bíodh fhios agat go rabh iongantas ortha, nuair a chonnaic siad go rabh gach cloch a thog siad as an Turas ina áit fhéin arais. Ó'n lá sin amach chreid an Fear Gallda 'sa Turas.

    Ainm an Seanachaidhe:-
    Máire Ní Bheirn,
    Málainnbheag,
    Co. Dhúin na nGall
    Aois - 73 bliain
    Eanair 1939
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall