School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 490
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Ar son a Mháthair: Ceall an Spáinighe”
(continued from previous page)oiread teach-phobail is dóigh sé
Goidé mar thárlaigh an sean-tséipéal annseo. Ní séipéal mór e - tá sé fá thuairim 80 troigh ar fhaid agus 14 troighthe ar leathadh. Ní ceall pharoisde é: níl tuairisg lé fághail i sean-scribhínnibh fa dtaoibh é. I mbéalaibh na ndaoine amháin is féidir a stair d'fhágháil agus seo mar innistear í.
Dearc budh thuaidh agus 'tcidhfidh tú Slíabh Liaig ag éirigh i measg na neal. Tá casan a snigheadh trasna air, ar a dtugtar casan éinfhir, agus go dearbhtha tá sé cumhang go leór ag éinfhear. Da míle troigh taoibh shíos do ta'n muir iarthar ag chaitheamh na dtonn in aghaidh chruaidh carraige Sléibh Liaig agus Slíabh Liaig féin a tuitum le fánaidh ar an taoibh eile. An siubhlaidhe do bheirfeadh coiscéim ar leath taoibh no as a mbainfidhe tuisle ar an chasan contabhairteach udaigh chan fheicfidhe go brathach aris é. I lár an lae ghil is contabhairteach an bealach é. Is furust thuigbheail goidé 'n bealach uathbhasach bhíos ann oidhche dhorcha dhoineannta gheimhridh
Ar oidhche de'n chineal seo bhí sagart onorach ar oidheacht i mbotháin beag sa chomharsancht [!] i dtigh sraodaidhe i ndeas do Mháláin Beag. Bhi a ghearran sa stábla(continues on next page)- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ua Ceanaim
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An tAragal, Co. Donegal