School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)focla as a bhéal nuair a bhí siad ar shiubhail le Íosa a mharbhughadh. Chuaidh an sgéal roimh na sáighduirí agus chualaidh mháthair Íosa é. Níor 'b é faill na faillighe aici é. Dó chuir sí brat ar an leanbh agus d'imthigh ar eagla ó'n náimhid a bhí ag a Mac. Shiubhail sí léithe i ríth an oidhche sin. Níor stad sí gur breac an lae. Bhí sí tuirseach sáirighthe indiaidh an astair agus suidh sí síos ar thaoibh an bhealaigh le na scíth a leigean. Bhí a croidhe buaidheartha ó imnidhe agus eagla agus ádhbhar aici ar ndóigh. Ní rabh sí i bhfad na suidhe nuair a chualaidh sí tormán na t-sáighdhiúirí ar an bealach ar a cúil. Ní rabh áit aici le dul i bhfolach agus bhí fhios aici go bhfuigheadh siad suas léithe gan mhoill. Ní rabh le deánamh aicí ach fanacht mar bhí sí agus a muinghin a chur i Dia na Glóire go dtiocfad Sé dá gcomhair. Shuid sí annsin agus chuach a naprúin thart ar a leanbh len a chur i bhfolach. Thoisigh sí annsin a chur a codladh is ag rádh nár baoghal dó, go gcosnóchadh Sí fhéin fríd Dhia, a leanbh ó gach contabhairt. Dó bhí na sáighdiúirí chuici i(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Peilm Ó Dóchartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal