School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Mháthair ag preabadaigh ar eagla go dtiocfadh na saighdiúirí isteach agus go ngabhfaidís A leanbh. Sheas na sáighdiúirí ar aghaidh na crainn agus bhreathnuigheadar isteach ach sin a ndearnadar. D'órduigh an caiptín daobhtha an bealach a bhuaileadh. Leig Máthair Íosa ar shiubhal iad sul a corruig sí. Ag teacht amach ó cúl na crainn díthe dubhairt sí. "D'fhéadfadh sibh a bheith in bhur dtost a fhad is bhí an leanbh Íosa ann bhur measg" Nuair a smaointigh sí go rabh gach contabhairt thart tháinic sí amach agus thoisigh a bhaint giota dé'n bhealach. Bhí sí ag siubhail is ag siubhail léithe go rabh meadhon lae ann, go rabh an grían ag scoilteadh na gcloch; go rabh sí traoighthe tuirseach. Chualaidh sí tórmán arís. Bhí na sáighdiúirí ag teacht arís. Le sin caidé a chonnaic sí síos uaithe ach logán beag agus scaifte fir ag cur síl. Bheannuigh sí a gcuid oibre. Chuaidh sí síos fhad leóbhtha agus d'iarr orra na dtéigheadh sáighdiúirí ar bith thart agus dá gceistníghidís iad. "An bhfacaidh siad bean agus leanbh ag dul thart,"(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Peilm Ó Dóchartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal