School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 151
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhairt nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí..”
Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhair nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí nó nach rabh a dhath uaigneas air. Bhí roilig comhgarach do’n teach agus dubhairt sé go rachadh sé síos agus go dtógfadh sé ceann duine marbh aníos as an uaigh. Dubhairt fear a’ toighe leis, “bhí geall nach ndeánfadh”.
Dubhairt an fear eile, “cé an geall?”
“Punt an geall”, arsa fear a’ toighe.
Thug an fear leis spád agus chuaidh síos go dtí an roilig. Nuair a chonnaic fear a’ toighe go mbéadh an punt bainte ag an fhear, chuir sé braithlín mór geal ar fhéin agus chuaidh sé síos go dtí an roilig fosda. Bhí an fear annsin agus é ag romhar leis agus bhí cloigeann duine marbh tógtha aige nuair a thug sé fa dear an toirt geal bán ag tarraingt air. Thug sé do na bonnaí é comh tiugh a’s tháinig leis ach bhí fear an bhraithlín in a dhiaidh agus(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal