School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 281
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí ceannuidhe ann fad ó shoin agus is fad ó bhí. Thárla go rabh gnoithe as baile aige uair éigin agus d'fhág sé cúram na h-áite ag a bheirt inghean.”
Bhí ceannuidhe ann fad ó shoin agus is fad ó bhí. Thárla go rabh gnoithe as baile aige uair eigín agus D'fhág sé cúram na h-áite ag a bheirt inghean. Sin a rabh le bheith i mbun an toighe agus thug sé órdughadh dóbhtha gan a'n duine a leigean a chomhair na h-áite go dtigeadh seisean arais. Ach an chéad oidhche a bhí sé as baile, go díreach le tuitim na h-oidhche, Cé tháinig 'un dorais ach bean bhocht. Bhí truaighe ag duine de na cailíní díthe agus leig sí isteach í. Nuair a d'éirigh léithe fághail isteach, D'iarr sí lóisdín na h-oidhche. Chuir na cailíní a gcomhairle le chéile agus mheas siad go gcoinneóchadh siad í go maidin. Annsin chóirigh siad sráideóg ar urlár na cisteanadh díthe agus chuaidh siad fhéin suas an staighre a luighe.
Ach dratha'n mheadhón-oidhche(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ua Canainn
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Dumhaigh, Co. Donegal