School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 163
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur b'éigean dó imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.”
(continued from previous page)Shiubhal sé leis giota eile agus ní rabh sé i bhfad gur casadh baicle eile air agus iad i bfastódh le boin mhór dhuibh. “Caidé atá sibh ag deánamh? arsa seisean. “Tá muid ag iarraidh an bhó a chur suas ar an toigh go n-ithidh sí an féar atá ag fás ar cheann an toighe”, arsa siadsan.
“Nár bh’fursa do fhear agaibh dréimire a fhághail agus a dhul suas ar an teach, an féar a bhainnt agus a chaitheadh anuas” arsa seisean.
“Ó, níl focal bréige agat”, arsa fear aca. “Tchíor damh”, ar seisean, “gur daoine gan tuigse sibh”.
Shiubhal sé leis giota eile agus níor bhfada gur casadh teach air. Chuaidh sé isteach ann agus bhí seanduine agus seanbhean ‘na suidhe ar gach taoibh de’n teinidh.
“A dhuine uasail”, arsa duine aca, “cia fhad ar shiubhal tú indiú?”
“Shiubhal mé as na Flaitheas”, arsa seisean.
Chár bh’féidir”, arsa duine aca, go bhfaca tú donnchadh bocht s’ againn ann.
“Maise chonnaic”, arsa seisean, agus is(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal