School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 165
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur b'éigean dó imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.”
(continued from previous page)D’imtigh seisean ag an gearrán leis agus thárraing sé ar an bhaile ann ár tógadh é. Nuair a b’fhada leis an mhnaoi a bhí sé gan pilleadh oirthi d’imthigh sí ag cur a thuairisce. Chualaidh sé ar a bealach go rabh sé san teach seo agus chuaidh sí fhad leis an teach. Do h-innseadh díthe annsin go dteachaidh se na bhFlaitheas le mailín-plúir agus le plainncead báinín.
Caidé, arsa sise, bhí seisean ag deánamh na bhFlaitheas le mailín-plúir agus le plainncead bainín.
Tá, arsa’n t-sean bhean, “mac damh-sa a fuair bás agus bhí sé ag innse damh nach rabh a sháith éadaigh leabtha air san oidhche agus nach rabh sé ag fághail leath a sháith le h-ithe agus smaoitigh mé gur mháith an tárrthail an mailín-plúir aige agus an plainncead bainín san oidhche. Ach níor phill mo shean ghearrán ó shoin agus creidim nach bpillfidh”, ar sise.- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal