School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhichead punta air. Bhí an capall seo an-chríonna. Lá áirighthe, bhí lá spóirt le bheith i bPoinnte Luachrais agus thug sé amach an beathadhach as an stábla agus chuir an diallaid air. Léim sé ar dhruim an bheithidigh agus d’imthigh leo cos i n-áirde ag tarraingt ar an Phoinnte. Nuair a tháinig siad fhad leis an chuan stad siad. D’amharc an beathadhach trasna na fairrge agus leig sé osna as. Thug sé léim amháin isteach san fhairrge agus d’imthigh ar an t-snámh. Snámh an beathadhach leis go dtáinig sé isteach ar an talamh thirin ar an taobh thall de’n chuan. Nuair a tháinig siad i dtír, léim an buachaill anuas de dhruim an bheithidhigh agus shín leo ag tarraingt ar pháirc na h-imeartha ar a bhealach ‘un na páirce casadh cailín óg air a bhí an-chumtha. Chuir sé ceileabhar uirthi agus d’fiafruigh sé díthe cé í fhéin? D’innis sí do gurab í inghean an mhinistir a bhí inntí agus go rabh sí ag dul go toigh na comharsan fá choinne bainne. D’fhiafruigh sé díthe an rabh áit ar bith neas(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal