School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 227
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bád iasgaireachta amuigh ar an fharraige agus bhí fuireann an bháid ag tógail doruga nuair a thug siad fa dear an fharraige ag éirighe i dtobainne.”
Bhí bád iasgaireachta amuigh ar an fhairrge agus bhí fuireann an bháid ag tógail doruga nuair a thug siad fa dear an fhairrge ag éirghe i dtobainne. Bhí na suidhistí ag buaileadh isteach i ndeireadh an bháid agus cuma air nach bhfeicfeadh siad talamh glas a choidhche.
Chuir buachaill aca a mhéar i bpóca a bheirte, bhain amach sgian phóca agus chaith sé i n-éadán na h-urchoide í, (de brigh go ndeirtear go bhfuil an t-iarann coisgreachta) ar eagla gur neach ar bith a bhí ann a dheánfadh dochar daobhtha.
Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc go dtáinig siad a dtír. Ní rabh siad i bhfad ar an chladac go dtáinig buachaill ruadh fhad leis an bhuachaill a chaith an sgian agus d’fiafruigh sé dó: “An tusa a chaith an sgian?” Dubhairt(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dún Allt, Co. Donegal