School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 230
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar.”
(continued from previous page)abhaile anocht”.
Ach ní bhainfeadh an madadh greim as an mhuic agus d’imthigh an t-sean bhean léithe go bhfaca sí bata.
“A bhata”, ar sise, “buail an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní bhuailfeadh an bata an madadh agus shiubhal an t-sean-bhean léithe go bhfaca sí teine.
“A theine”, ar sise, dóigh an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht.
Ach ní dhóighfeadh an teine an bata agus shiubhal an t-sean bhean léithe go bhfaca sí uisce i lochán.
“A uisce”, ar sise, “múch an teine; ní dóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Anna de Búrc
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Cruach an Chuilinn, Co. Donegal