School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 249
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear i nAlbain aon uair amháin agus bhí sé iongantach tughtha de'n ól. Chuaidh sé go teach taibhirne lá amháin agus níor stad sé de'n ól go rabh sé ar meisge.”
(continued from previous page)mé ar chor ar bith?”
“Tá tú in ifreann”, arsa’n mianadóir, “agus má chluin an diabhal mór tú ní leigfidh sé amach thú go bráthach na breitheamh”.
“’Bhfuil aon pighinn airgid fa do phócai?” arsa’n mianadóir.
“Tá, seacht sgillinge agus sé pighne agam agus leath-phionnta biotailte”, arsa’n fear.
“Tabhair damh-sa an t-airgead agus an biotailte agus leigfidh mé amach thú”, arsa’n mianadóir.
Thug sé dó an t-airgead agus an bhiotailte agus d’fhág sé slán sábhailte ar mhullach an mhianaigh é.
Albanach Buidhe a bhí ins an fhear seo agus mar gurab é an Domhnach a bhí ann láthair na bhárach chuaidh sé ‘un Teampaill. Bhí sé ag guidhe go duthrachtach agus ag tabhairt buidheachais fa mar réidhtiughadh é as an gcruadh-chás in a rabh sé an lá roimhe sin.
Le sin, go díreach, thoisigh an ministir ag innse fa ifreann, agus(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Brian Ua hAodhagáin
- Gender
- Male
- Address
- Srath na gCartán, Co. Donegal