School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 274
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Rí ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Thug sé cuairt ar Easbog uair éigin agus dubhairt sé leis "muna dtiocfadh leis trí ceisteanna a fhuasgladh in a leitheid seo d'am go gcaillfeadh sé a cheann.”
(continued from previous page)“Caidé’n dóigh a léigheas fá é? arsa’n t-Easbog.
Bhal, arsa’n t-aodhaire, má tá tusa sásta mise agus mo bhean agus mo theaglach a chongbhail suas ó seo amach, gléasfaidh mise mé-fhéin i n-éideadh an Easboig, rachaidh mé roimh an Righ agus feuchfaidh mé leis na ceisteanna a fhuasgladh. Agus má’s rud é go gcaillfidh mise mo cheann, an mbéidh tusa toilteanach mo bhean agus mo theaglach a chongbhail suas?
Gheall an t-Easbog do go rabh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtáinig an lá a bhí socruighthe leis na ceisteanna a fhuasgladh, chóirigh an t-aodhaire é fhéin i n-éideadh an Easbog agus chuaidh sé i láthair an Riogh.
Bhí an Rí gléasta annsin ag feitheamh air, agus a chlaidheamh in a laimh aige. D’fhiafruigh sé do an rabh sé fá réir na ceisteanna a fhuasgladh?
Dubhairt an tEasbog (mar ba eadh)(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dún Allt, Co. Donegal