Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullanmore
- XML Leathanach 256
- XML “Deilín na mBacach”
- XML “Ceol an Tincleora”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leagadh ar mo chois mé. An bhfuigh mé deirce ort a bhean a' toigh. Is iomdha mhallachtaigh a sgairtigh orm, malleadaigh na sgairte gorma cionn ar léar leacsa mo dhearbhráthair, mallachtaigh an mhuilinn, slios malla cros malla, malla na h-aisgaidí agus wooll-pack. "Penny come quick" Slán ag bunadh an toigh seo.Seán Mac Fhloinn, An Muileann Iarainn, Na Gleanntaí.
- Ceol an Tincleora(i)
Nuair a thigeas a stócach abhaile tráthnóna
Buailfidh sé stróc ar an mhadadh
D'amharc seisean síos ar an eitean bheag chaol
An é sin ar sníomh tú ar maidin?
Mur ndeanfaidh tú gníomharthaí thar mar a tcidhimse
Admhuighim don t-saoghal go mbainfidh mé
damhsa gan píoba, le caol bata díreach
Amach as do thaobhann mo chailín.(II)
Cuirim síos teinidh agus deargam an phioba
Is iomdha ceann sgriob a bhíos ar maithreacha
Romhair mé an diog agus cart mé an carn aoileach
Agus sheol mé na caoraigh as an ngeamhair
Bím seal ag cur deaidean ar dhoras na gaoithe
Seal eile ag tabhairt téidheadh don leanbh
Mo shoc Rí dilís nach mór m'adhbhair caoinnte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Fhloinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Glenties, Co. Donegal