School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 030
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an am a bhí ann i bfad ó shoin ní rabh plúr ar bith ag gábhail ach go fíor annamh. Ní rabh anas mín bhuidhe ortha ar sgor ar bith agus i mbunadhas an ama sé arán mín bhuidhe a bhéadh acu. Bhí daoiní cliste ag gábhail roimhe no leóga fhéin ní achan duine a thiocfadh na rudaí ceudhna a dhéanamh anois. An dóigh a ndéanfadh siad an arán Bhí miasg acu leis an aráin amháin a dhéanamh, chuirfeadh siad cupla cráig mín bhuidhe isteach ann agus (cuirfeadh) braon uisge té a chuir síos air agus gráinín beag salainn, annsin é a shuathadh go maith fríd a chéile go dtí go mbéadh sé i ninnimh a thógail as a mhiasg, é a chur ar an tábla go ndéanfadh siad go measardha tanaidhe é le na cuid lámha. Dheanfadh siad ceatramhna dé annsin agus rósadh siad é ar an timthire teallaigh.
Aran Min Choirce.
Amannaí eile nuair a bhéadh ganntanas mín bhuidhe acu b’furust daobhtha mín choirce a fhághail no tá áit i nDoire Leach Conaill a dtugainn siad “pollán na Brónach” air an áit a ba gnáthach leobhtha an coirce a mheilt le mín cóirce a dhéanamh(continues on next page)