Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 230
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann tá fada o shoin ar b'ainm do Seán O Baoghaill. Bhíodh sé achan oidhche ag airneál i dteach amháin.”
Sean Sgéal
Bhí fear ann tá fada o shoin ar b'ainm do Seán O'Baoghaill. Bhíodh sé achan oidhche ag airneál i dteach amháin. Oidhche fuar geimhreadh bhí mórán daoine ag airneál san seo. Sa deireadh thainig Seán isteach agus thoisigh an chomhradh eatortha. D'iarr siad ar seán sgéal a innse. Bhí mé amuigh i fastughadh i gco. Tír Eoghain. Trathnóna amháin d'imthigh me liom agus níor innis mé do duine ar bith. Ní raibh mé i bhfad amuigh nuair a tháinig an oidhche orm agus chuaidh mé ar seachran. Sa deireadh chonnaic mé solas beag i bhfad uaim. Chuaidh mé go dtí an solas beag agus bhí teach beag annsin. Bhí an t-urlár sguabtha go glan. Bhí sgaifte mór fear beag na shuidhe ag an teine, agus capall glas thíos i gcionn an tighe. Ní raibh mé i bhfad in mo shuidhe nuair a tháinig fear acu thall and dubhairt sé go dtiocfhadh le siadsan a imteacht. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brigidh Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Donegal