School: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (roll number 15283)
- Location:
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Teacher: Nábla Nic Amhlaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gréasaidhe bróg a bhí ann agus bhí sé in-a chomhnuidhe leis fhéin. Nuair a tháinig an t-am dó bhuail sé suas le h-óigmhnaoi agus phós sí é. Má rinne céad i dtiomaite dó (taobh amuigh de) (seachas é). Bhí cuma air go raibh sé h-iongantach sásta le n-a mhargadh. I gcionn cupla bliadhain bhuail breóidhteacht a bhean. Chaith sé a sholathar saoghalta leithe acht ní raibh sí inléighis. Nuair a tháinig dubhlaidheacht an gheimhridh fuair sí bás. Rinneadh a faire agus a torramh agus h-adhlachadh í. Bhí cuma buadhartha ar an ghréasaidhe indeoin nár leig sé mórán air fhéin. Chaith sé seal mór fada annsin leis fhéin. Ar deireadh phós sé bean eile acht ní raibh sí sin i bhfad ag cur buadhartha air. Bhí sé in-a bhaintreabhaigh arís i ngearr-aimsire ach le sgéal fada a dhéanamh goirid phós sé an tríomhadh bhean. Chaith sé fhéin agus í saoghal mór fada i gcuideachta in-a chéile, acht tháinig bás uirthi-se fósta.
Bhí triúr bean curtha aige agus nuair a bhí ní rabh sé gan a scéar de buaidhreadh an t-saoghal, an oidhche a cuireadh an tríomhadh bhean dar le fear muinteardha dó.(continues on next page)- Collector
- Nábla Nic Amhlaidhe
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Mac Grianna
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal