School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 1
- XML “An Bhean agus na Trí Mic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1055 Mín na ManrachAn bhean agus na trí micI bhfad ó shoin bhí bean bhocht ina cómhnuidh i gCnoc an Phreacháin i n-aice Dhoire. Bhí triúr mac aici agus nuair a d'éirigh siad mór dubhairt an mac a ba sine go raibh an t-am aige fhéin dul i gcionn saothruighe, agus d'iarr sé uirthí tuirtín aráin a dhéanamh dó.Rinne sí an tuirtín agus thug sí do n-a mac é agus d'imthigh sé leis ansin. Nuair a tháinic am dinnéara shuidhe sé síos a dhéanamh a chodach. Ní luaithe ina shuidhe é no tháinic fear beag ribeach ruadh fhad leis agus d'iarr sé cuid air. "Bog leat le do ghnáithe, tá mo chuid gann go leor agam fhéin," arsa an stocach leis.Nuair a bhí sé réidh shiubhail sé leis go dtáinic neoin bheag agus deireadh an lae ann. Isteach i gcoillidh leis agus casadh teach air; chuaidh sé isteach. "'Sé do bheatha, a choigeallaigh as Éirinn," arsa bean a'toighe leis; "is truagh liom go dtáinic tú bealach an toighe seo, nó nuair a thiocfas an Fáthach Mór isteach cuirfidh sé 'un báis thú, agus níl áit ar bith le do chur i bhfolach ach faoi'n bhairille sin thíos"Nuair a tháinic an fáthach isteach ar seisean, "Fuit fuit feasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh istoigh."(continues on next page)
- Collector
- Aodh ac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male
- Age
- c. 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Loch Achair, Co. Donegal