School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 123
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.”
(continued from previous page)Tharraing Cormac an claidheamh agus mharbh an tarbh. Thainig sé anuas fríd an choillidh agus an tarbh leis. Níor imthigh aon duine ariamh ar an tarbh chéadhna. D'iarr an mháthair ar an fháthach cuid de'n fheoil a bhruith, agus cé bíth duine a d'íosfadh an chuid bá mhó dhen fheoil cuirfeadh sé an duine eile 'un báis.
Ar maidín lá thar n-a bhárach bhí cuid de'n fheoil bruithte ag an tsean mnaoí. Shuidh Cormac agus an fáthach síos ag agcaid. Thoisigh siad a íthe.
"Cé bíth againn is mó a iosfas," ars an fáthach, "thig leis an duine eile a chur 'un báis."
Bhí croiceann an t-sean ghearrain ar Chormac. Thoisigh an bheirt a íthe. Ní rabh greim den fheoil dar íth Cormac nach rabh sé a leigint síos ins an chroiceann. D'fhiafruigh an fáthach de Chormac no nach rabh a sháith ithte aige.
"Níl no bhaoghal mo sháith," arsa Cormac, ach da mbíodh fhéin, thiocfadh liomsa fuascailt a thabhairt do mo chuid fhéin. Thug sé leis an claidheamh agus rois sé é fhéin go dtí a sceadaman. Thuit an fheoil uilig amach ar an urlar.
"Dean sin liom-sa fosta?" ars an fáthach.
Sháith Cormac an claidheamh ins an fháthach agus mharbh sé é. Nuair a thainig sé anuas 'na cistearnaighe bhí an tsean bhean ag meascadh an phóta a bhí lán fa choinne Cormac a scalladh.
Fuair sé greim da chois uirthí agus chuir sé chloigeann isteach sa phóta. Bhí an fáthach agus a mháthair marbh. Thug Cormac leis an mhéid óir agus airgid a bhí ag an fháthach,(continues on next page)- Informant
- Antoin Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal