School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 129
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.”
Anna bean Mhic Amhlaoidh, Cró Bheithe Clochán Liath Tírchonaill a d'innisScéal
Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir. Bhí siad iongantach bocht. Ní raibh de mhaoin acu ach bó amháin agus sean-asal bhacach. Bhí Máire Mhór iongantach críonna agus bhí sí na scéal reatha fríd an comhursanacht go raibh neart airgid ací acht nach leigfeadh an aindeis díthe piginn a chaitheamh. Bhuail an bás í, agus chaithfeadh duine suidhe aicí ar a seal gach oidhche go maidín. Thainic sé ar seal Mháire bheag suidhe aicí. Shuidh sí go raibh sé mall go maith san oidhche agus thuit néall ar an t-sean-mhnaoi. Dar le Máire gur seo a h-am. Chuaidh sí anonn go socair go colbha na leabhtha, chuir sí a lámh isteach in ucht na sean-mhná agus tharraing sí amach an taisgidh. Bhí spag bheag ar mhuineal na sean-mhná agus córda ann agus é i bfolach síos ina brollach. D'fhosgail mó Mháire cóir an spag agus caidé bhí ann ach trí agus sé pighne. Cuntais sí an t-airgead cupla h-uair agus ní rabh a fhios aice caidé dheánfadh sí leis. Sa deireadh bhuail smaoiteadh í go n-imteochadh sí 'un Lagain.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, ar maidín lá thar na bháach fuair an t-sean-bhean bás, agus leoga chan é bás na sean-mhná a bhí ag cur bhuardhartha ar(continues on next page)- Informant
- Anna Bean Mhic Amhalaoidh
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal