School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Innse eile ar an scéal atá ar leathanach 102
Cáit, bean Uí Chonaill Leitir Catha a d'innisAodh Bán agus Séamus Crón
Bhí sin ann ma's faide ó bhí. Bhí cuid mhór daoine i nÁrainn. Chruinnigh siad uilig isteach i numhaigh, ach an chuid a bhfearr acú, agus theich siadsan. Ba é an dream a bhí ina diaidh cuid saighdiúraí dubha Dhún na nGall.
Bhí bean i nÁrainn ar b'ainm díthe Peigí Ní Ghallcobhair, agus bhí mac aicí ar b'ainm Séamus Crón. Bhí sise istoigh san umhaigh i gcuideachta na cuideachta. Chuir sí a ceann amach go bhfeicfeadh sí an raibh na saighdiúraí ar na gaobhair. Le sin bhain fear acu an ceann díthe le claidheamh. Na diaidh bháith siad méid a bhí istoigh san umhaigh.
Nuair a bhí an marbhchach deánta acú d'imthigh go raibh siad ag bárr trágha. Ba seo an áit a raibh a caisleán ag Maol Muire ag áit a dtugann siad Tráigh an Áird Mhóir air.
Nuair a chonnaic Séamus Crón go raibh a mháthair agus an mhéid a bhí istoigh san umhaigh marbh lean sé fhéin agus Aodh Bán O Baoghaill na Saighdiúraí Dubha agus bhí ins an am seo an t-oifigeach a bhí ar na saighdiúraí ag teacht 'un tosuigh ag bárr na trágha. "Seo anois a Aoidh Bháin a chailleach," arsa Séamus Crón, "seo dó am."
Reath Aodh Bán nuair a bhrostaigh Séamus Crón é agus thug sé iarraidh greim taoibhe a fhághail ar(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal