School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 156
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.”
(continued from previous page)toighe, agus bhí sí aige roimhe, cuaidh an beirt un spáirne ath-uair, agus scairt Donn ar an cú agus dubhairt cuidigh liom a chú.”
“Is doiligh domh,” arsa an cú, “no is caol cruaidh a ceangal tú mé.”
“Teann! Teann! A ribe” ars an tseanbhean. “Bain an cionn de’n ghaduidhe agus mairbhfidh mise an sladuidhe.”
Tharraing sí slaitín draoidheachta agus rinne cloch de, agus rinne mar a gceadhna leis an chú, leis an t-seabhach agus leis an chapall. Bhí Donn bocht marbh annsan.
D’amharc Dubh an dearbhrathair ar an bocsa agus bhí taobh an bocsa dubh. “Ta mo dhearbhrathair marbh.” Arsa seisean, “agus ní codhlochaidh mé dhá oidhche i dteach ar bíth go bhfeicidh mé caidé d’éirigh do.”
D’imthigh sé, a chú le n-a chois a’s a sheabhach le n-a bhois, agus each caol dubh faoí n-a thóin. Chuaidh sé go dtí teach an Ríogh, agus nuair a thainig sé isteach dubhairt siad leis go dtug an gearrfhiadh a sháith do, nuair a thiontuigh a ghruag comh dubh leis an fhiach, agus sa homaite d’athain sé go rabh a dhearbhrathair aca i n-am éiginnteacht.nuair a bhí siad ag deánamh a suipeara, thainig gearrfhiaidh go dtí an doras agus dubhairt “goidé thug tusa annseo, a Dhuibh scallta Mhac an Diorfaigh?”
Cuaidh Dubh de léim ins an diallaid, agus lean an gearrfhiadh, ach tharraing sé tom luachrach agus d’imthigh fríd an talamh. Cuaidh Dubh agus a cuid eachraidhe fríd an talamh fosta. Bhí an t-seanbhean annsin roimhe.(continues on next page)- Informant
- Nora Bean Uí Dhuirnin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal