School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 164
- XML “Báthadh Áranna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dán a chum Seán Ó Dubhgain, Loch Cathair fa bháthadh Áranna Samhain 1935
Báthadh Áranna
1
Ar an naomhadh lá de mhí na Samhna,
Ag gabhail thar sáile dóibh go hÁrainn Mhóir,
D’fhág siad an port faoi sheol go láidir,
Fa choinne ghabhail trasna ar an chanáil dhoimhin;
Ach amuigh sa bháighe thainic tonnaí báidhte ann,
Agus cailleadh naoi-déag annsin gan mhoill;
Bhí an fíchead fear ann beo sa tsáile
Leis an scéal mhór léanmhar a d’innse dúinn
2
Nar mhór an fhaillighe rinne muintir Aranna,
Sa bhád seo bhí ar a bealach ‘nonn;
No da mbeadh siad amuigh i n-am ar gárda,
Bheadh morán slán da dteachaidh i gcill;
Ach bhí na tonnaí móra ag éirghe i n-áirde,
‘S ba deacair sábhail a dheánamh ann;
Rud a d’fhág an t-oileán buadhartha cráidhte,
Is faoi ghruaim go brat le n-a linn
3
Is coscarach an scéal é ‘gabhail fríd Árainn,
An báthadh mór seo bhí ann aréir;
Is gach athair ‘s máthair a raibh a nduine báidhte,
Nach iad a bhí craidhte le cumhaidh ‘na ndiaidh!(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male