School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 96](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_96.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 96
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is taisme mar d'aithris tú an sgéul, na níl ar an domhan, ar seisean, de'n chineál atá tú rádh ach a'n bhean amháin; chuaidh gaisgidhigh an domhain uilig a h-iarraidh agus níor fhill a'n fhear ariamh acu le n-a bheo ná le n-a mharbh; agus tá eagla orm go n-éireóchaidh an rud céadna duitse; ach ma chaitheann tú ghabhail ar a lorg cuirfidh mise beáthach, agus lón agus giomanach leat."
Rinne an rí mar dubhairt sé. Ghléas sé beithidhigh agus (an giomanach) agus chuir sé a mhac fhéin ar cheann de na beithidhigh agus an giomanach ar an cheann eile. Annsin, d'imthigh an bheirt leo go bhfuair siad suas le tórramh. Níorbh mhaith le mac an ríogh imtheacht agus an tórramh a fágail. Shiubhail siad leis a' tórramh fhad is bhí sé a'dul.
Ní rabh i bhfad gur shroich an tórramh teach a' phobail. Dubhairt mac an ríogh leis an ghiomanach go rabh sé comh maith acú dul isteach agus fanacht go rabh an corp curtha. Isteach leo na roilige agus d'fhan go dtí go rabh an corp curtha. Nuair a bhí an uaigh réidh thóg ceathrar fear an chómhnair agus d'iomchar go dtí an uaigh í. Leagadh an chómhnair san uaigh. Le sin anall le beirt de fhearaibh móra laidre; thóg an chómhnair amach as an uaigh, agus dubhairt nach leigfeadh siad an corp a chur a choidhche go bhfuigeadh siadsan a gcuid fiach.
Nuair a chualaidh mac ríogh na hÉireann seo chuaidh sé siar go dtí an uaigh agus d'fhiafruigh daobhtha caidé na fiacha a bhí acú air. Dubhairt fear(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal