School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 214
- XML “An Gearrán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)glanta aicí dar léithe go gcuirfeadh sí síos a ceann go bhfeicfeadh sí goidé a bhí síos. Chuir sí síos a cos agus nuair a tharraing sí aníos í ní raibh uirthí ach fuil uilig.
Thug sí leithe cadac agus sgála uisce agus nigh sí a cos go raibh sí tuirseach ach ag deireadh an ama sin b’eigean duithe stad; ní raibh sí ábalta an fhuil a nighe.
Chuaidh sí amach a bhlighe na bó. Nuair a bhí sí ag teacht isteach bhí cat beag dubh ina suidhe ag an doras.
“Tabhair damh braon báinne” arsa an cat.
“A phéisteóg salach” arsa an cailín, “tá an bainne uilig de dhíth orainn fhéin.”
“Maith go leor,” arsa an cat.
Nuair a thainic an fáthach d’fhiafruigh sé do’n chailín ar ghlan sí na seomraí. Dubhairt sise gur ghlan.
Chuir sé ceist uirthí an rabh sí ins an tseomra iochtarach. Dubhairt sise nach raibh.
“Cuir amach do chosa” arsa an fáthach. Chuir sí amach ceann aca.
“Tá sí sin bréagh glan” arsa an fáthach(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal