School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 215](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_215.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 215
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 215
- XML “An Gearrán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Cuir amach an ceann eile”
Bhí an ceann eile dearg le fuil. Fuair an fáthach a chlaidheamh agus bhain sé an ceann dithe.
An dara lá thainic an Gearrán Bán agus chuaidh sé a ithe a choirce. Chuaidh an dara bean amach leis an mhaide bhriste. Ghreamuigh maide an phóta don Ghearrán Bán ar tús agus ghreamuigh an maide briste do anois, agus ghreamuigh an cailín do mhaide an phóta, ar tús agus ghreamuigh sí do’n mhaide briste anois.
D’imthigh an Gearrán Bán leis agus stad mara no mór-comhnaidhe ní thearn sé go raibh sé ag teach an fháthaigh.
Bhí an cailín ag brathach imtheacht ‘un an bhaile ach thainic an fáthach amach agus thug sé isteach í.
Thug an fáthach an trí eochair dhéag duithe agus d’iarr sé uirthi gan a dhul ins an cheann iochtarach ach an dá sheomra dhéag a ghlanadh. Nuair a bhí an dá sheomra dhéag glanta aici chuir sí síos a cos agus bhí sí dearg le fuil nuair a tharraing sí aníos í.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal