School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 268
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.”
(continued from previous page)“Fan go fóill,” arsa’n fear, “ba mhaith liom fiachail eile a chur ort. Tá cruach coirche amuigh ar an lafta agus má bhíonn sí buailte roimhe an oidhche agat gheobhaidh tú an t-airgead.
“Tabhair chugam an súiste” arsa’n gasúr, “agus ar ndóighe déanfaidh mé mo dithcheall.” Bhuail an gasúr leis go dtí am dinneardha agus nuair a bhí cnap maith buailte aige thoisigh an coerce a imtheacht síos faoi'n urlár. Reath an gasúr isteach chuig an Maigistir agus é ag caoineadh agus d’innis sé an sgéal dó. Tháinic an maigistir amach agus chonnaic sé an cleas céadhna, dubhairt sé leis an gasúr clár a tógail a’s an urlár. Thóg an gasúr clár amháin ach ní raibh a dhath le feiceail ach lámh duine. “Tóg ceann eile” arsa’n fear. Thóg an gasúr clár eile agus ní fhacaidh siad ach chos. D’iarr an fear air ceithre clár a tógail. Thóg an gasúr ceithre cinn agus nocht bean mhór aniar faoi’n urlár chucha.
Dubhairt sí leis
na fir go dtroidfeadh sí iad. “ach,” arsa sise, “tá mé ag dul a innse seo díobh: caithfidh sibh gan troid ach le láimh amhain mar nach bhfuil orm-sa ach an lámh amháin agus cos amháin.(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Seán Bhreathnach
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal