Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 268
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Fan go fóill,” arsa’n fear, “ba mhaith liom fiachail eile a chur ort. Tá cruach coirche amuigh ar an lafta agus má bhíonn sí buailte roimhe an oidhche agat gheobhaidh tú an t-airgead.
“Tabhair chugam an súiste” arsa’n gasúr, “agus ar ndóighe déanfaidh mé mo dithcheall.” Bhuail an gasúr leis go dtí am dinneardha agus nuair a bhí cnap maith buailte aige thoisigh an coerce a imtheacht síos faoi'n urlár. Reath an gasúr isteach chuig an Maigistir agus é ag caoineadh agus d’innis sé an sgéal dó. Tháinic an maigistir amach agus chonnaic sé an cleas céadhna, dubhairt sé leis an gasúr clár a tógail a’s an urlár. Thóg an gasúr clár amháin ach ní raibh a dhath le feiceail ach lámh duine. “Tóg ceann eile” arsa’n fear. Thóg an gasúr clár eile agus ní fhacaidh siad ach chos. D’iarr an fear air ceithre clár a tógail. Thóg an gasúr ceithre cinn agus nocht bean mhór aniar faoi’n urlár chucha.
Dubhairt sí leis
na fir go dtroidfeadh sí iad. “ach,” arsa sise, “tá mé ag dul a innse seo díobh: caithfidh sibh gan troid ach le láimh amhain mar nach bhfuil orm-sa ach an lámh amháin agus cos amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Bhreathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall