School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 196
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann uair amháin, agus bhí sé ag dul a dhéanamh dóig. Bhí spád aige agus é ag rómhar leis. Nuair a bhí sé ag dul 'un n-a bhaile chonnaic sé rud mór buideáil ag teacht amach as an díog.”
Bhí fear ann uair amháin, agus bhí sé ag dul a dheánamh díog. Bhí spád aige agus é ag rómhar leis. Nuair a bhí sé ag dul 'un n-a bhaile chonnaic sé rud mór buideáil ag teacht amach as an díog.
Nuair a chuaidh sé ‘un n-a bhaile d’innis sé an sgéal do na daoine agus dubhairt a athair “Poll siógaí atá ann”. Chuaidh an fear suas an lá i n-a dhiaidh sin, agus dhruid sé an díog, agus o’n lá sin go dtí an lá indiu “Poll na Sídheógaí an t-ainm atá air.- Informant
- Domhnall Ua Connácháin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
Scéal a Dó
“Bhí gasúr beag ag buachailleacht shíos ag an fhairrge lá amháin. Chonnaic sé bean ag teacht aníos as an fhairrge. Ní rabh acht aon bó amháin.”
Sgéal a dó:-Bhí gasúr beag ag buachailleacht shíos ag an fhairrge lá amháin. Chonnaic sé bean ag teacht aníos as an fhairrge. Ní rabh acht aon bó amháin. Fuair an bhean greim ar adharc a bho, fuair an gasur greim ar ruball a bho. Thoisigh an bhean ag tarrainghte an bhó isteach i spinc agus bhí an gasúr ag iarraidh í a tharraingt amach, acht sa deireadh tharraingt sí an bhó agus an gasúr isteach léithe.(continues on next page)