Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg.

    Sgéal.
    Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg agus iad ag iarraid cloch mhór a thógailt a rabh mála óir fuithe. Shíl sé fósta go gcualaidh sé iad ag cainnt fa dtaobh do féin agus gur dhubhairt siad mura mbéadh an chloch tógtha roimhe leath uair eile aca go gcaitheadh siad é a fhágailt aige fhéin.
    Mhusgail an fear as an bhrionglóid seo agus d’éirigh sé i n-a shuidhe go gasta Nuair a thainig sé go dtí an áit a táisbeanadh do sa bhrionglóid tháinig rud ‘in teacht ar a shúile agus ní thiochad leis dadaí a fheicheáil. Ach nuair a bhí an leath uair caithte chonnaic an fear maith go leor agus chonnaic sé fear i n-a sheasamh taobh leis an cloich mhór. Chuaidh an fear ‘uig an chloch agus chuir sé ceist ar an fhear bheag caide bhí faoi an chloich. Dubhairt seisean gur mála óir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séaghan Mac Cnáimhsíge
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 72
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal