School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 189
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a Dó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fada o shoin. Chuaidh sé amach chun na coilleadh a bhaint slatacha. Ní rabh fhios aige caidé an cineáil a bhí sé a baint. Bhain sé creachta 7 cuileann annsin tháinig sé chun na bhaile. Dubhairt a bhean leis nár ceart iad a bhaint.”
Sgéaltaí a d'innis
1. Pádraig Ó Domhnaill
2. Tuam, Leitir 'ic a Bháird
3. 57bl
4. Feirmeoir BeagBhí fear ann fadó ó shoin. Chuaidh sé amach chun na coilleadh a bhaint slatacha. Ní raibh fios aige caidé an cineáil a bhí sé ag baint. Bhain sé creachta, cuibeann annsin tháinig sé chun na bhaile. Dubhairt a bhean leis nár ceart iad a bhaint.
Níor chreid sé í agus choinnigh sé istoigh seachtmhain iad agus gan aon lá a bhí ag teacht bhí an fear ag meath.
Annsin b'éigean do'n doctúir teacht chuige Charaig. Dubhairt an doctúir go dtug sé leis rudaí ó na sidheógaí agus iad fhágailt arais. D'fhág sé arais iad. Bisigh sé arais. D'amharc sé arais agus bhí siad ar shiubal leis na sídheógaí.- Collector
- Brighid Ní Chailín
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
Scéal a Dó
“Bhí fear 7 bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amháin. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrge 7 d'éirigh an spéir dorcha.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amhain. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrige agus d'éirigh an spéir dorcha. Bhí na tonnaí ag tarraingthe ortha gach aon uair agus bhí an fear ag caitheamh rudaí le rabh a dath le na gcosaint. Smaointigh é ar a sgian phóca. Tarraingt sé amach é agus gcoilt an tonn(continues on next page)