School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an cat a nighe a aghaidh an chéad duine a amharcas sé air gheobhaidh sé bás roimh bhliadhain.
Nuair a bhíonn tú ag dul 'un aonaigh agus bean ruadh a chasfhar ort béidh droch ámh ort.
Má thig an spideóg isteach gheobhaidh duine sa teach bás roimh bliadhain.
Má bhíonn duine ag cioradh a gruaige Aoine a' Cheásta ní bhéidh adh mhaith air ina dhiaidh.
Ar an chéad lá de bheáltaine éirigheann cuidh de na daoine go luath agus saitheann siad craobh d'én crann chaorinn isteach sa charn aolaigh ar ndeanfaidh droch amharc. Deirtear fosta an chéad duine eirigheas lá Bealtaine gur sin an chéad dhuine a gheobhas bás sa teach. Mhá bhíonn faithne ort agus poll béaguisge a fhágháil igcarraig agus an faithne a nighe sán uisge go numtheocaid sé duit.
Níor chomhair do phaiste ar bith a bheith amuigh Oidhche Shamhna gan salann a chuir ar a gcuid gruaige. Níor comhair aibhleog a thabhairt as teach a bhfuil(continues on next page)