Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 125
- XML “Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní raibh de mhuiríghín aca ach triúr mac. Ní raibh aca ach spleotán beag de talamh ghortach agus ar an adhbhar sin bhí siad bocht sa t-saoghal.
Lá amháin, nuair a tháinic na mic 'un méadaidheacht' dubhairt an fear a ba' sine aca go raibh seisean ag imtheacht a shaothrughadh a chodach. D'iarr sé ar a mháthair lón bídh a dheanamh réidh do. D'éirigh sí agus rinn sí dhá tuirtín, ceann beag, agus ceann mór.
Nuair a bhí sé réidh le himtheacht chuir an mháthair ceist air cé aca a b'fhearr leis an tuirtín beag agus a beannacht, ná an tuirtín mór agus a mallacht. Dubhairt sé leithe gur b'fhearr leis an tuirtín mór agus a mallacht. Fuair sé mar d'iarr sé.
Thug sé leis an tuirtín mór agus a chonairt agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn. Shiubhal sé leis ar aghaidh go raibh an neóin bheag agus deireadh an lae ann,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnall
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal