School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 301
- XML “Seaghan na Luatha Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seaghan na Luath BuidheBhí baintreabhach ann fad ó shoin agus ní raibh aici ach aon mhac amháin agus ba' é an t-ainm a bhí air Seaghan, ach bhaist na cómharsanaí Seaghan na luath buidhe air cionnas go raibh sé i gcomhnaidhe 'n-a shuidhe i chois na teineadh agus a ladhara sáithte sa luaith aige.
Lá amháin bhí a mháthair ag gabhail 'un aonaigh le dúisín stocai fá choinne iad a dhíol agus dubhairt Seaghan go rachadh seisean 'un aonaigh leobhtha, ann a háit. Thug an mháthair do na stocaí agus bhóg sé leis agus an beairtín faoi na ascaill aige.
Chuaidh Seaghan isteach 'un aonaigh agus bhog leis suas an t-sráid go dtáinic sé go dtí ionad an mhargaidh. Casadh trí fhear uasal air agus chuir siad ceist air caidé a gnoithe 'un aonaigh agus d'innis sé daobhtha go raibh sé ag dúil leis an bheairtín stocaí a bhí faoi na ascaill a dhíol.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Chrosáin
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal