School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Breaca Breac Bréagh Inghean Ríogh na hÉireann.Bhí rí agus bainríogháin ann fad ó shoin. Fuair an bhainriogháin bás agus pós an rí bainríogháin eile. Bhí triúr gasúr agus giorsach ag an chead bainríogháin agus nuair a fuair sí bás cuireadh na gasúraí isteach i gcaislean i bhfad ar siubhal agus fágadh an ghiorsach sa bhaile.
Bhí triúr ingheanach ag an dara bainríogháin agus bhí siad i gcomhnaidhe ag troid leis an leas inghin. Chuirtidhe an leas ingean amach gach lá le mála bídh le rann ar na bochta agus is é an rud a bhí sí ag tabhairt an bidh chuig a cuid dearbhrataireach a bhí sa chaislean.
Chuaidh an leas mháthair síos ‘un tobair fá choinne canna uisce agus casadh cailleach na gcearc uirri agus d’innis an chailleach dithe go raibh an leas inghean ag tabhairt an bhídh chuig na dearbhrathaireacha.
“Cuirfidh mise cailín de mo chuid fhéin(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Grianna
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal