School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 442
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na trí ChomhairleRinn fear suas a intinn, lá amháin fad ó shoin, i bhfad sul ar rugadh mise ná tusa go rachadh sé siar go Connachta chuig an fhoghmhar. D’imthigh sé leis agus níor stad sé go raibh sé i gConnachta agus fuair sé obair ag feirmeóir thiar annsin. ‘Acha’n lá ag am dinneara, chuireadh an bhean soitheach leanna ar an tábla. Ní óladh fear an toighe deor ar bith de’n leann agus ar ndóighe ní leigfeadh an [noire]? do’n oibridhe a’n dheor a ól ach oiread.
Domhnach amháin rinn an fear suas a intinn go n-imtheóchadh sé. Nuair a d’éirigh sé ar maidín chuir sé air a chuid éadaigh oibre ar tús, agus annsin chuir sé air a chuid éadaigh Domnaigh ‘n-a mullach. Cuir fear an toighe ceist air cá raibh sé ag gabhail agus dubhairt sé go raibh sé ag imtheacht.
Bhí an feirmeoir iongantach buadhartha n-a dhiaidh.(continues on next page)- Collector
- Caith Ní Gallcobair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal