School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fathach 'n-a chomhnaidhe tall i dTír na Sorcha fad ó shoin, agus tháinic sé anall go hÉirinn. 'Sé an rud a thug anall é, bhí sé ag éisteacht le scealthaí éagsamhaltha fá fhear a bhí i Éirinn ar b'ainm do Fionn. Bhí na daoine ag rádh go raibh Fionn 'n-a throdaidhe thar bárr agus nach dtiocfadh le fear ar bith láimh-an-uachtair a fhághail air. Bhí an fathach seo iongantach maith ag troid fosta, agus duine ar bith a raibh sé ag troid leis fuair sé an bhuaidh air.
Chuir an fathach scéala chuig Fionn ag inse do go raibh sé ag teacht agus nuair a fuair Fionn an scéala d'innis sé do n-a mhnaoi caidé 'n trioblóid a raibh sé ann. Smaointigh sise sa bhomaite ar chlease.Bhí cliabhán mór sa teach agus an lá a riabh an fathach le teacht, chuir sí Fionn sa chliabhán.
Nuair a tháinic an fathach 'am toighe chuir sé ceist ar bhean Fhinn cá raibh Fionn agus dubhairt sise go raibh sé amuigh ag seilg. Chuaidh an fathach(continues on next page)- Collector
- Roisé Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal