School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 334
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaith siad an lá ar ghleann agus ar bheann, ins na coilltibh agus ar na bántaibh agus ní bhfuair siad a dhath ar b'fhiú labhairt air. Ag clapsolas agus iad ag teacht 'n-a bhaile dhúisigh siad eilit mhaol. Do lean siad í eadar fhir agus mhadaidh go dtí go raibh siad uilig tursach, sáruighthe, ach amháin Fionn agus a dhá mhadadh, Bran agus Sceolán.
Do lean siad-san an eilit, agus nuair a bhí siad i lár machaire mór, agus an oidhche ag tuitim ortha, do stad an eilit. Tháinic Bran aghus Sceolán fhad leithe agus i n-áit an eilit a mharbhughadh mar ba' dual dóibh, 'sé an rud a thoisigh siad a dheanamh cuideachta agus a luascair thart 'n-a timcheall. Bhí iongantas an domhain ar Fhionn nuair a chonnaic sé caidé rinn na madaidh; níor mhaith leis cur isteach ortha(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal