School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 109
- XML “Scéal Shéarluis Bháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Bhal" ar sise "is fearr go mall na go bráth". Cruinneochaidh muide scaifte beag ins an oidhche i mbárach agus beidh bainfhéis bheag againn. Tar thusa fosta. Thoiligh siad uilig sin a dheanamh. Annsin d'imthigh sé na bhaile.
Chruinnigh siad uilig go bréadgh luath an oidhche ar na bharach agus dhuidh siad síos ag tábla bídh agus dighe. "Anois" arsa an comrádaidhe i gcogar le Searlus, "is cuma cé éireochas ó'n tábla na h-éirigh tusa go mbogaidh mise thú". Shuidh siad síos agus thoisigh an t-itheachan. Ní rabh bhá ghreim ite ag an tseanduine gur dhubhairt sé glór, moladh agus buidheachas duit a Dhia, tá mosháith ite agamsa as scor ar bith". "Bhal m'anam" arsa na comrádaidhe "nach bhfuil mo sháith ite agamsa agus suidhfidh mé go n-ithidh mé mo sháith".
Níor bhfada agus níor ghearr go dtainic cú aníos faoin tábla agus bhruidh sé an buachaill óg a bhí indiaidh a phósta. D'éirigh achan dhuine ón tábla agus shuidh siad thart ar an teinidh agus thoisigh an ceol, an t-ól agus an seanchus.
"Cad chuige" arsa an comrádaidhe "ar éirigh tú go dtabharfainn bruideadh duit"?
"Shíl mé dur tú a bhruid mé i n-áit an chú" ars an buachaill.
"Is cuma" arsa Searlus. Nuair a bhí tamaillt de'n oidhche caite thug achan duine a aghaidh ar an bhaile.
"Ní fiú damh-sa(continues on next page)- Informant
- Anna Ní Muireachaig
- Gender
- Female
- Age
- 25
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal