Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Scéal Shéarluis Bháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Bhal" ar sise "is fearr go mall na go bráth". Cruinneochaidh muide scaifte beag ins an oidhche i mbárach agus beidh bainfhéis bheag againn. Tar thusa fosta. Thoiligh siad uilig sin a dheanamh. Annsin d'imthigh sé na bhaile.
    Chruinnigh siad uilig go bréadgh luath an oidhche ar na bharach agus dhuidh siad síos ag tábla bídh agus dighe. "Anois" arsa an comrádaidhe i gcogar le Searlus, "is cuma cé éireochas ó'n tábla na h-éirigh tusa go mbogaidh mise thú". Shuidh siad síos agus thoisigh an t-itheachan. Ní rabh bhá ghreim ite ag an tseanduine gur dhubhairt sé glór, moladh agus buidheachas duit a Dhia, tá mosháith ite agamsa as scor ar bith". "Bhal m'anam" arsa na comrádaidhe "nach bhfuil mo sháith ite agamsa agus suidhfidh mé go n-ithidh mé mo sháith".
    Níor bhfada agus níor ghearr go dtainic cú aníos faoin tábla agus bhruidh sé an buachaill óg a bhí indiaidh a phósta. D'éirigh achan dhuine ón tábla agus shuidh siad thart ar an teinidh agus thoisigh an ceol, an t-ól agus an seanchus.
    "Cad chuige" arsa an comrádaidhe "ar éirigh tú go dtabharfainn bruideadh duit"?
    "Shíl mé dur tú a bhruid mé i n-áit an chú" ars an buachaill.
    "Is cuma" arsa Searlus. Nuair a bhí tamaillt de'n oidhche caite thug achan duine a aghaidh ar an bhaile.
    "Ní fiú damh-sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Muireachaig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    25
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall