School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 111
  3. XML “Scéal Shéarluis Bháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thaisbeaint díthe sa luaith. "Thug sé an oiread seo damhsa, an oiread chéadna do gac duine de'n bheirt eile" ar seisean. Ba bhreagh leis ar fhág sé aige fhéin agus mheasc sé suas fríd a chéile mar seo airíste ag taisbeaint do'n tseanbhean caide mar rinn sé é, ag cur an luaith agus an t-arán fríd a chéile. S? a luighe aríst í.
    "An dtearn tú an t-arán" ars' an seanduine. "Cuir an fear sin síos agu suas orm é" ar sise. "Ara éirigh" ar seisean "agus bligh an bhó". D'éirigh an tseanbhean a bhligh sí an bhó. Siud síos leis an comhradaidhe agus shuidh sé sa doras roimpi. Tabhair domh an bainnc go gasta" ar seisean "nó má moithigheann an fear sin tú bainfidh sé duit é" ag leigint air féin gur an seanduine a bhí ann. Bhí sé na luighe sa chuilt aríst nuair a bhí an doras druidte ag an tseanbhean. Sui a luighe airist í.
    "Ar bhligh tú an bhó" ars an seanduine?
    "Bhligh agus d'ól tú an bainne" ar sise
    "Char ól" ar seisean "ach d'ól an fear sin é" ach muirbhfidh mise é roimhe mhaidin.
    Chuaidh an comradaidhe amach , thug isteach gamhain óg. Chuir isteach sa chuilt é agus bhain an baile amach. D'éirigh an seanduine, thug leis gabhlog féir agus sháith fríd an chuilt í. Leig an gamhain búithrí. Thuit an seanduine i luighe mar shíl sé gur bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Muireachaig
    Gender
    Female
    Age
    25
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal