Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thaisbeaint díthe sa luaith. "Thug sé an oiread seo damhsa, an oiread chéadna do gac duine de'n bheirt eile" ar seisean. Ba bhreagh leis ar fhág sé aige fhéin agus mheasc sé suas fríd a chéile mar seo airíste ag taisbeaint do'n tseanbhean caide mar rinn sé é, ag cur an luaith agus an t-arán fríd a chéile. S? a luighe aríst í.
"An dtearn tú an t-arán" ars' an seanduine. "Cuir an fear sin síos agu suas orm é" ar sise. "Ara éirigh" ar seisean "agus bligh an bhó". D'éirigh an tseanbhean a bhligh sí an bhó. Siud síos leis an comhradaidhe agus shuidh sé sa doras roimpi. Tabhair domh an bainnc go gasta" ar seisean "nó má moithigheann an fear sin tú bainfidh sé duit é" ag leigint air féin gur an seanduine a bhí ann. Bhí sé na luighe sa chuilt aríst nuair a bhí an doras druidte ag an tseanbhean. Sui a luighe airist í.
"Ar bhligh tú an bhó" ars an seanduine?
"Bhligh agus d'ól tú an bainne" ar sise
"Char ól" ar seisean "ach d'ól an fear sin é" ach muirbhfidh mise é roimhe mhaidin.
Chuaidh an comradaidhe amach , thug isteach gamhain óg. Chuir isteach sa chuilt é agus bhain an baile amach. D'éirigh an seanduine, thug leis gabhlog féir agus sháith fríd an chuilt í. Leig an gamhain búithrí. Thuit an seanduine i luighe mar shíl sé gur bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Ní Muireachaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall